interactive GDPR 2016/0679 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- rialaitheoir 7
- faoi 7
- damáiste 6
- próiseálaí 6
- cúiteamh 5
- gcás 5
- beidh 4
- leith 4
- dhliteanas 4
- bhfuil 4
- leis 4
- agus 4
- baint 3
- mhír 3
- fháil 3
- chun 2
- phróiseáil 2
- freagrach 2
- bpróiseáil 2
- rinneadh 2
- inar 2
- gcomhréir 2
- mír 2
- chuid 2
- i 2
- iomlán 2
- aon 2
- raibh 2
- dteideal 2
- atá 2
- chéanna 2
- airteagal 2
- sonraí 1
- ábhar 1
- araon 1
- gach 1
- íoc 1
- rialtheoir 1
- chúis 1
- siad 1
- ionas 1
- n-áiritheofar 1
- éifeachtach 1
- dtabharfar 1
- próisealaí 1
- leagtar 1
- thionscnamh 1
- chirt 1
- feidhmiú 1
- ndáil 1
Airteagal 82
An ceart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas
1. aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an damáiste a bhain dó.
2. aon rialaitheoir a bhfuil baint aige le próiseáil, beidh sé faoi dhliteanas i leith an damáiste a eascraíonn ó phróiseáil a sháraíonn an Rialachán seo. Ní bheidh próiseálaí faoi dhliteanas i leith an damáiste a rinneadh de bharr próiseála ach amháin i gcás nár chomhlíon sé oibleagáidí an Rialacháin seo atá dírithe go sonrach ar phróiseálaithe, nó i gcás inar ghníomhaigh sé lasmuigh de threoracha dleathacha an rialaitheora nó contrártha leo.
3. Beidh rialaitheoir nó próiseálaí díolmhaithe ó dhliteanas faoi mhír 2 má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste.
4. I gcás ina bhfuil baint ag níos mó ná rialaitheoir nó próiseálaí amháin, nó ag rialaitheoir agus próiseálaí araon, leis an bpróiseáil chéanna agus i gcás ina bhfuil siad freagrach, faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, as aon damáiste a raibh an phróiseáil ina chúis leis, beidh gach rialtheoir nó próisealaí faoi dhliteanas i leith iomlán an damáiste, ionas go n-áiritheofar go dtabharfar cúiteamh éifeachtach don ábhar sonraí.
5. I gcás inar íoc rialaitheoir nó próiseálaí, i gcomhréir le mír 4, cúiteamh iomlán as an damáiste a rinneadh, beidh an rialaitheoir nó an próiseálaí sin i dteideal an chuid sin den chúiteamh a chomhfhreagraíonn dá chuid freagrachta i leith an damáiste i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, a éileamh ar ais ó na rialaitheoirí nó na próiseálaithe eile a raibh baint acu leis an bpróiseáil chéanna.
6. Déanfar imeachtaí cúirte i ndáil le feidhmiú an chirt chun cúiteamh a fháil, a thionscnamh os comhair na gcúirteanna atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 79(2).
whereas
dal 2004 diritto e informatica